- 運営しているクリエイター
記事一覧
[音源] Amhrán Mháirtín Mhóir (OnaS2022)
mar a chan Micheál Ó Confhaola, mar amhrán mall, a bhain an triú duais de Corn Uí Riada san Oireachtas na Samhna i gCill Airne, Co. Chiarraí, 5 Samhain 2022. オリアダ杯で3位を獲得した Micheál Ó Confhaola が遅い歌として唄った歌(2022年11月5日) 𝗔𝗺𝗵𝗿𝗮́𝗻 𝗠𝗵𝗮́𝗶𝗿𝘁𝗶́𝗻 𝗠𝗵𝗼́𝗶𝗿 ’S nach bliain go ham seo sea a dearnadh an chreach mhór, Ní hamháin ar Ghaillimh ach ar chuile thír, Nuair a sciob an bás uainn an seanfhear álainn, Sé Máirtín Mór a bhí ina T.D.
[音源] Tailliuir An Mhagaidh (OnaS2022)
mar a chan Bríd Ní Mhaoilchiaráin, mar athghairm, a bhain Corn Uí Riada san Oireachtas na Samhna i gCill Airne, Co. Chiarraí, 5 Samhain 2022. Bríd Ní Mhaoilchiaráin がオリアダ杯を獲得したあと、アンコールで唄った歌(2022年11月5日) 𝗧𝗮𝗶𝗹𝗹𝗶𝘂𝗶𝗿 𝗔𝗻 𝗠𝗵𝗮𝗴𝗮𝗶𝗱𝗵 Is thíos ag an tobar sea chuir mise an fáinne amú, Sea dhearc mé an ainnir ba deise is ba bhreáichte snua, Bhí a grua trí lasadh is a leaca mar bhláth na n-úll, ’S má dhearc sí mise níor lig sí mo shláinte liom.
[音源] Baile Uí Lia (Máire Ní Eidhin) (OnaS2022)
mar a chan Bríd Ní Mhaoilchiaráin a bhain Corn Uí Riada san Oireachtas na Samhna i gCill Airne, Co. Chiarraí, 5 Samhain 2022. 2022年11月5日にアイルランドはケリー県キラーニで開催されたオリアダ杯にて、ブリージ・ニウィルヒアラーィンが唄った遅いほうの歌 'Baile Uí Lia' ('Máire Ní Eidhin')。 'Baile Uí Lia' ('Máire Ní Eidhin') Antoine Raiftearaí Ag gabháil 'un an aifrinn dhom le toil na Ardrí, Bhí an lá ag báisteach agus d'athraigh gaoith, Casadh an ainnir dhom ar bhruach Chill Tártain Is thit mé láithreach i ngrá le mnaoi, Labhair mé léi go múinte mánla De réir a cáilíocht sea d'fhreagair sí, Séard a dúirt sí, 'Raiftearaí, bheadh m'intinn sásta Ach gluais go lá liom go Baile Uí Lía.' * 歌詞についての記事 https://note.com/michealh/n/n0e5378e67dbb
Bríd Ní Mhaoilchiaráin, 'Caisléan an tSléibhe' (2022)
a chas sí i gCill Airne (Oireachtas na Samhna), 5 Samhain 2022. Bhain sí Corn Uí Riada 2022 leis. Seo amhrán tapaidh (sciobtha), ar athghlaoch. 𝗖𝗮𝗶𝘀𝗹𝗲́𝗮𝗻 𝗮𝗻 𝘁𝗦𝗹𝗲́𝗶𝗯𝗵𝗲 Amuigh in Aill na Méaracán tá an caisleán breá déanta, ’S níor facthas a léithéide san oileán seo fós, Tá fascadh ann ón mbáisteach, ón ngrian is ón ngaoithe, Cead spóirt agus siamsa ann ag sean agus óg. Ní moirtéal ná clochaí a cuireadh dá dhéanamh, Tá na ballaí níos míne ann ná parlús tí mhóir, Casadh isteach ann tráthnóna Déardaoin mé, ’S bhí na píobairí fraoigh is na feadógaí ag ceol. Nach iomdha fear ceirde a chuaigh ariamh thríd an tír, ’Chaith téarma le saoirseacht is a rinne tithe go leor, Dá mairfeadh an Gobán is an chúirt a fheiceáil déanta, Ní chreidfeadh ón saol nó is faoi dhraíocht atá Joe. Daoine a shiúil Meiriceá, Sasana is Éirinn, Ní fhéadfaidís aon áit a mholadh níos fearr Ná an chúirt atá déanta amuigh i gceartlár an tsléibhe, Tá na céadta ag triall uirthi i bhfad is i ngearr. (Níl aon chléireach dá mheabhraí in aon choláiste tógtha, Dá mhéad dá bhfuair foghlaim is a scríobhfadh le peann, ’D’fhéadfadh cur síos ar an gcaoi an bhfuil sí cóirithe Mar is rímhór an spóirt í ó íochtar go barr. Nuair a thagann an bháisteach, sea a chruinníonn na daoine ann Isteach as Loch Cruinn is as Gleann Loch an Fhobhair, Dá snámhfadh an mhóin ar an gcriathrach chaon taobh díot, Bí istigh go ceann míosa ann ’s ní baol duit aon deoir.) Tháinig mé isteach ann tráthnóna Dé hAoine Le titim na hóiche sea dhún sé ina cheo, Cóiríodh mo leaba is b’éigean dom síneadh, Níor fhága mé aríst é go maidin Dé Luain. Tá na grátaí thrí lasadh ann ó mhaidin go faoithin, Tá na boird ag cur thar maoil ann le fataí is le feoil, Tá an t-arán go fial fairsing dá ghearradh is dá roinnt ann, Tá an tae agus an t-im ann is bainne na bó. Tá an bhó agus an lao ar an mbuaile ann ag géimneach, Tá an gabhar geal ag méileach, an chaora is a huan, Tá na broic ann ag tafann le héirí na gréine, Is na mionnáin ag léimneach is ag ritheacht sa drúcht. Tá na faoileáin ag tíocht ann aniar ó na Sceirdí, Tá nead na corréisce ann an eala is a hál, Tá fuaim na mea-ghabhar ann, an lon dubh is an chéirseach, Bheadh spóirt agus pléisiúr ag an té a d’fhanfadh ann. Anois teacht don fhómhar caithfidh muid téarma ann, Nuair a sheolfas na ladies ó Mheiriceá anall, Nuair a shocrós an cogadh agus déanfar an réiteach Beidh caisleán an tsléibhe dhúinn féin againn ar ball. foinse: https://songsinirish.com/caislean-an-tsleibhe-lyrics/