見出し画像

Baile Uí Lia | Bríd Ní Mhaoilchiaráin

'Baile Uí Lia' ('Máire Ní Eidhin') mar a chan Bríd Ní Mhaoilchiaráin a bhain Corn Uí Riada san Oireachtas na Samhna i gCill Airne, Co. Chiarraí, 5 Samhain 2022.

Bríd Ní Mhaoilchiaráin (2022)

2022年11月5日にアイルランドはケリー県キラーニで開催されたオリアダ杯にて、ブリージ・ニウィルヒアラーィンが唄った遅いほうの歌 'Baile Uí Lia' ('Máire Ní Eidhin')。司会者はきちんと作者ラフタリ(Antoine Raiftearaí, Anthony Raftery, 1779-1835)の名を挙げた。他の歌と違い、ラフタリ作の歌は必ずクレジットされる。

この歌への言及がボブ・ディランの 'I Contain Multitudes' (ディランは Bally-na-Lee と唄う)にあると、Richard F. Thomasが指摘した。

以下にブリージが唄った5連の大体の歌詞を載せるが、細部は校訂中。


'Baile Uí Lia' ('Máire Ní Eidhin')

'Baile Uí Lia' ('Máire Ní Eidhin')
Antoine Raiftearaí
mar a chan Bríd Ní Mhaoilchiaráin

Ag gabháil 'un an aifrinn dhom le toil na Ardrí,
Bhí an lá ag báisteach agus d'athraigh gaoith,
Casadh an ainnir dhom ar bhruach Chill Tártain
Is thit mé láithreach i ngrá le mnaoi,
Labhair mé léi go múinte mánla
De réir a cáilíocht sea d'fhreagair sí,
Séard a dúirt sí, 'Raiftearaí, bheadh m'intinn sásta
Ach gluais go lá seo go Baile Uí Lía.'

Nuair a fuair mé an tairiscint níor lig mé ar cairde é
Ach rinne mé gáire is gheit mo chroí,
Ní raibh le ghoil againn ach trasna páirce,
Níor thug muid an lá linn ach go tóin an tí,
Leag sí anuas bord a raibh gloine is cárt air
Is a cúilín fáinneach le m'ais ina suí,
Séard dúirt sí, 'Raiftearaí, bí ag ól céad fáilte
Tá an siléar láidir againn i mBaile Uí Lí.'

Nach aoibhinn aerach ar thaobh an tsléibhe
Is tú ag breathnú síos uait ar Bhaile Uí Lí,
Ag siúl na ngleannta ag baint cnó is sméara
Is ceiliúr éan ann mar na ceolta sí,
Níl brí sa méid sin dá bhfaigheá léargas
Ar bhláth na gcraobh 'tá lena thaobh,
Níl maith dá shéanadh níos faide ar aon neach,
A spéir na gréine geal, is tú grá mo chroí.

Sí Máire Ní Eidhin an chiúinbhean bhéasach
Is deise méin 'gus is áille gnaoi,
Míle cléireach a ghoil in éineacht
Trian a tréathra ní fhéadfadh scríobh,
Bhuail sí Déirdre le breáichte is Véineas,
Dá n-abraínn Héilean ler scriosadh an Traoi,
Seod í an chraobh is cé a d'iarrfadh a héileamh
Ar an bpabhsae gléigeal 'tá i mBaile Uí Lí.

A réalt an tsolais, is a ghrian bhreá an fhómhair,
A chúilín ómra, a mheall mo chroí,
Siúil ar uaigneas liom go ndéanam comhairle
Faoi choinne an Domhnaigh cá mbeidh ár suí,
Níor mhór liom ceol duit gach aon tráthnóna
Puins ar bord is dá n-óltá fíon,
Ach a Rí na Glóire, go dtriomaí an bóthar,
Is go bhfaighe mé an t-eolas ar ais aríst.


詩テクスト比較の参考までに、Micheál Ó Conghaile 編の 'Leabhar Mór na nAmhrán' (CIC, 2013) 所収のテクストを載せる。ブリージは、一般に知られる以下のテクストの3連、4連を、4連、3連の順に唄い、以下のテクストの5連を略す。

Micheál Ó Conghaile, eag., 'Leabhar Mór na nAmhrán' (2015)

'Máire Ní Eidhin' (eag. Ó Conghaile)


MÁIRE NÍ EIDHIN
Raiftearaí
(eag. Ó Conghaile)

Ag gabháil ’un an aifrinn dom le toil na nGrásta,
Bhí an lá ag báisteach is d’athraigh gaoith,
Casadh an ainnir dhom ar bhruach Chill Tártain
Is thit mé láithreach i ngrá le mnaoi,
Labhair mé léi go múinte mánla
Is de réir a cáilíocht sea d’fhreagair sí,
Séard a dúirt sí, ‘Raiftearaí, tá m’intinn sásta
Ach gluais go lá liom go Baile Uí Lí.’

Nuair a fuair mé an tairiscint níor lig mé ar cairde é
Ach rinne mé gáire is gheit mo chroí,
Ní raibh le ghoil againn ach trasna páirce,
Níor thug muid an lá linn ach go tóin an tí,
Leag sí anuas bord a raibh gloine is cárt air
Is a cúilín fáinneach le m’ais ina suí,
Séard dúirt sí, ‘Raiftearaí, bí ag ól is céad fáilte
Tá an siléar láidir againn i mBaile Uí Lí.’

Sí Máire Ní Eidhin an chiúinbhean bhéasach
Is deise méin ’gus is áille gnaoi,
Míle cléireach a ghoil in éineacht
Trian a tréathra ní fhéadfadh scríobh,
Bhuail sí Déirdre le breáichte is Véineas,
Dá n-abraínn Héilean ler scriosadh an Traoi,
Seod í an chraobh is cé a d’iarrfadh a héileamh
Ar an bpabhsae gléigeal ’tá i mBaile Uí Lí.

Nach aoibhinn aerach ar thaobh an tsléibhe
Is tú ag féachaint síos uait ar Bhaile Uí Lí,
Ag siúl na ngleannta ag baint cnó is sméara
’Gus ceiliúr éan ann mar na ceolta sí,
Níl brí sa méid sin dá bhfaigheá léargas
Ar bhláth na gcraobh ’tá lena thaobh,
Níl maith dá shéanadh níos faide ar aon neach,
A spéir na gréine, is tú grá mo chroí.

Dá siúlfá Sasana is an Fhrainc thré chéile,
An Spáinn an Ghréig is ar ais aríst,
Ó bhruach Loch Gréine go béal Loch Éirne
Is ní fheicfeá féirín ar bith mar í,
A grua thrí lasadh is a mailí caola,
A haghaidh dá réir is a béal tais mín,
Scoth ban Éireann, is as ucht an scéil sin
A thug mé an chraobh duit i mBaile Uí Lí.

A réalt an tsolais, is a ghrian bhreá an fhómhair,
A chúilín ómra, a mheall mo chroí,
Siúil ar uaigneas liom go ndéanam comhairle
Faoi choinne an Domhnaigh cá mbeidh ár suí,
Níor mhór liom ceol duit gach aon tráthnóna
Puins ar bord is dá n-óltá fíon,
Ach a Rí na Glóire, go dtriomaí an bóthar,
Is go bhfaighe mé an t-eolas ar ais aríst.

Notaí
MÁIRE NÍ EIDHIN
Peadar Ó Ceannabháin, 'Mo Chuid den tSaol' (CICD 131)

Peadar Ó Ceannabháin, 'Mo Chuid den tSaol' (1997)

‘Baile Uí Lia’ a thugtar ar an amhrán seo go hiondúil in Iorras Aintheach ach is léir go mba í Máire Ní Eidhin níos mó ná a baile dúchais ba cás leis an bhfile. Is iomaí leagan den amhrán seo ar taifead agus i gcló. Cé go bhfuil cuma an pastourelle ar an amhrán, tá cor eile ar fad curtha ag Raiftearaí ann. In áit an file a bheith amuigh sa bhfásach nó in áit uaigneach agus an uain go breá, is é an chaoi a bhfuil Raiftearaí ar a bhealach chuig an aifreann agus é ina bháisteach. Go cúirtéiseach a labhrann sé leis an mbean óg, ise a thugann cuireadh abhaile dósan áit a gcaitheann siad an lá go sócúlach sásta le chéile. Ise a chuireann cúrsaí grá chun cinn agus níl rian ar bith den chluainíocht, den fhoréigean ná den aiféala le brath ar na himeachtaí a luaitear san amhrán; go deimhin is ríléir go bhfuil fáilte ar ais roimh Raiftearaí agus go bhfuil sé ag tnúth go mór le filleadh ar Bhaile Uí Lia.
     – Peadar Ó Ceannabháin


上の Ó Ceannabháin の注は短いものだが、本歌の研究としては次のものがある。

Ó Gealbháin, 'Raiftearaí's 'Máire Ní Eidhin' in the Waterford Song Tradition'

Ciarán Ó Gealbháin, 'Raiftearaí's 'Máire Ní Eidhin' in the Waterford Song Tradition' ('Béaloideas', Iml. 83 (2015), pp. 1-15)
URL: https://www.jstor.org/stable/24862842

'Béaloideas', Iml. 83 (2015)

#amhran #CornUiRiada #BridNiMhaoilchiarain #Raiftearai #Raftery #MaireNiEidhin

この記事が気に入ったらサポートをしてみませんか?